Skip to main content

Cuireann Kellogg's GAA Cúl Camps deis ar fáil do bhuachaillí agus do chailíní idir 6 agus 13 seachtain thaitneamhach lánimeachtaí a bheith acu le linn laethanta saoire an tsamhraidh agus tá na himeachtaí sin uile dírithe ar rannpháirtíocht thaitneamhach i gcluichí Gaelacha.

Tá na gníomhaíochtaí uile bunaithe ar na himreoirí agus cuirtear béim mhór ar na cluichí a imirt, ar fhorbairt phearsanta agus ar fholláine. Tá na gníomhaíochtaí dírithe ar aoisghrúpa freisin le déanamh cinnte:
 

  Go dtugtar an deis is fearr do na páistí foghlaim;

  Go ndéantar cairdeas idir na páistí;

  Go dtagann feabhas ar fholláine fhisiciúil agus shíceolaíoch na bpáistí;

  Go ndaingnítear an nasc idir scoileanna agus clubanna.

 

Cad a dhéanann na páistí ag na campaí seo?


Tá struchtúr dearfach ag na campaí sa chaoi is go leagtar béim ar ghné éagsúil den chluiche gach lá.

Tugtar oiliúint do na páistí ar scileanna ar leith den chluiche agus bíonn deis ag na páistí cleachtadh a dhéanamh ar an méid atá foghlamtha acu i mionchluichí.

Ar an lá deireanach den champa eagraítear blitzchomórtas chun go bhfaigheadh gach páiste blaisín de chluichí iomaíocha.

 

Na Campaí Féin


Bíonn na campaí ar siúl i rith an tsamhraidh ó Luan go hAoine, 10a.m. go 2.30i.n. i ngach ceann de na 32 contae agus thar lear.

Is féidir le daltaí bunscoile ó aois 6 go 13 bliain freastal orthu.

 

Cad a theastaíonn uait agus tú ag freastal ar na campaí?

  • Lón Pacáilte agus Deoch
  • Camán agus clogad don iománaíocht agus don chamógaíocht
  • Sciath Fiacla don pheil
  • Na héadaí cuí imeartha – culaith reatha, bríste gearra, bróga reatha agus bróga peile
  • Cóta báistí agus athrú éadaí ar laethanta fliucha
  • Lóiste gréine agus caipín gréine
  • Tuáille
  • Uisce

 

Feisteas na gCúl Camps


Gheobhaidh gach páiste feisteas de chuid na gCúl Camps ina n-áirítear:

  • Mála Droma
  • Geansaí Imeartha
  • Geansaí

 

Costas

 

I bPoblacht na hÉireann: €65 / páiste amháin; €60 má ta an dara páiste agat ag glacadh páirte ann; €50 má ta aon pháiste eile de do chuid ag glacadh páirte ann

I dTuaisceart Éireann: £55 / páiste amháin; £50 má tá an dara páiste agat ag glacadh páirte ann; €45 má ta aon pháiste eile de do chuid ag glacadh páirte ann.

Má tá páiste agat ag freastal ar an dara campa is é €50 (Poblacht na hÉireann) agus £45 (Tuaisceart Éireann) an costas atá ar an gcampa gan fheisteas na gCúl Camps san áireamh.

Find a camp

Select county and view the camp dates, venue, price and co-ordinator details.

Book Now
From outside of Ireland? Click here
Find out more

Kids get gear!

Each child attending a camp receives Kellogg's GAA Jersey, ¼ zip top and backpack

phpto of Cul Camps Kit - Backpack, Top and 1/4 Zip Top

Find out more

Cúl Coaches

Want to join the Cúl Camps team? we're looking for coaches at all levels.   REGISTER TODAY!

Did you know?

It’s also possible to book a second camp for your child, without the gear and bag, at a reduced rate.